Insint Eile - Mánas agus Bríd

Sna 1930í cuireadh páistí bunscoile amach ar fud na hÉireann a bhailiú scéalta agus seanchais óna muintir. 80 bliain níos moille tá cuid de na scéalta céanna á léiriú mar scéaldrámaí ag páistí bunscoile an lae inniu. 

Is sraith 12 dhráma í ‘Insint Eile’ atá bunaithe ar scéalta ó Bhailiúchán na Scol. Is cnuasach de chorradh is leathmhilliún leathanach de lámhscríbhinní é ‘Bailiúchan na Scol’ a bailíodh idir 1937-39. Tá an bailiúchán uilig le fáil ar duchas.ie, suíomh de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann. 

Ag an am d’aithin beirt fhear, Séamus Ó Duilearga agus Seán Ó Súilleabháin, gur chóir saibhreas béaloidis agus seanchais na tíre a chaomhnú agus chuir siad scéim ar bun le páistí bunscoile a earcú chun an saibhreas sin a bhreacadh síos. Cuireadh ina luí ar mhuinteoirí na tíre, trí leabhrán treoirlínte agus eolas ar Ráidió Éireann, an tábhacht a bhí leis an ábhar seo agus tugadh comhairle dóibh maidir leis an dóigh is fearr le tabhairt faoin bhailiú. Cuireadh cóipleabhair chuig na scoileanna leis na scéalta a bhreacadh síos iontu agus cuireadh na páistí amach a bhailiú scéalta óna gcuid tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus comharsana. Fuair siad béaloideas, scéalta Fiannaíochta agus Ruaraíochta, tomhais agus cluichí.   

Roghnaigh Macha Media 12 scéal a bailíodh i dTír Chonaill mar chuid den scéim le léiriú mar scéaldrámaí.  Eagraíodh éisteachtaí i nGaelscoileanna ar fud Chúige Uladh leis na haisteoirí is fearr a aimsiú chun na scéalta a chur i láthair an phobail arís. 

Tá eolas i ngach físean sa tsraith seo faoin áit a bhfuarthas an scéal, faoin duine a bhailigh agus faoin té a d’inis an scéal don pháiste an chéad uair.  

Tá súil againn go mbainfidh sibh sult as an ‘Insint Eile’ seo ar bhéaloideas Uladh. 

Ba é Macha Media a léirigh an togra seo le cuidiú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. 

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Coimisiún Bhéaloideas Éireann as an ábhar a chur ar fáil.  Tá tuilleadh eolais le fáil ag duchas.ie  

 Sa scéaldráma seo déanann páistí ó Ghaelscoil Léim an Mhadaidh an scéal ‘Mánus agus Bríd’ a athinsint. Fuarthas an scéal ó Mháire Nic Fhionnlaoich ó Mhachaire Loiscthe, an Bun Beag, Contae Dhún na nGall. 

Bhí Máire 68 nuair a d’inis sí an scéal 80 bliain ó shin.

Close
Close