Seoladh gréasán gnó dóibh siúd a oibríonn trí mheán na Gaeilge ag bricfeasta maidine i gCultúrlann McAdam Ó Fiach.
Is compháirtíocht atá sa togra idir Ceangal G, Glór na nGael agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.
Is é sprioc an togra ná cothú gréasán gairmiúil idir gnólachtaí agus eagrais atá báúil leis an Ghaeilge.
Ba é Stiúrthóir Meas Media, Breandán Ó hEadhra, a bhí mar aoíchainteoir na maidine.
Seo chugaibh léargas ar sheoladh an ghréasáin, plean na mbunaitheoirí agus tuairimíocht ó lucht gnó Bhéal Feirste…