Óga Yoga - aclaíocht don chorp is don anam

Inniu ar Meon Eile, leanann muid leis an tsraith bunaithe ar ghnónna le Gaeilge.

Tá an-ráchairt ar ióga sa lá atá inniu ann, le idir óg agus aosta ag baint leasa as mar gheall ar na buntáistí fisiciúla agus intinne atá le fáil as.

Is comhlacht í Óga Yoga atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath a sholáthraíonn cúrsaí ióga, aireachais agus suanmhachnaimh do bhunscoileanna, do mheánscoileanna, d’ollscoileanna, d’eagraíochtaí agus don phobal mór i gcoitinne.

Chas Meon Eile le Ciarán Mac Fhearghusa, stiúrthóir Óga Yoga lena cheird agus na buntáistí a bhaineann leis a phlé.

Óga Yoga

Tá breis is fiche míle duine tar éis ióga a dhéanamh le Óga Yoga le trí bliana anuas, an chuid is mó dóibh á dhéanamh don chéad uair.

Bígí linn ar an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh físeán againn faoi DSNT / Guerilla Shout, comhlachtaí dearadh-ghrafaíochta agus ealaíon digiteach.

Close
Close