Gaeil i gCéin - Scot Ó Muilleoir

Cuirtear tús inniu le sraith nua darb ainm Gaeil i gCéin. Buaileann muid le daoine éagsúla ar fud na cruinne a bhfuil Gaeilge líofa acu agus insíonn siad cad chuige ar thug siad faoin teanga a fhoghlaim.

Scot Ó Muilleoir atá linn an tseachtain seo, fear as Achadh na Gréine, nó Auburn, Alabama a bhfuil Gaeilge bhreá Uladh aige. Is poitigéir é agus oibríonn sé i síopa a bhunaigh a athair mór féin. Bhí siad ag streachailt leis an dianghlásáil ach d'éirigh leo teacht fríd agus tá siad anois sásta a bheith in ann an vacsaín a chur ar fáil don phobal áitiúil. Is tréidlia í a bhean agus is breá le Scot bualadh isteach leis na hainmhithe a fheiceáil.

Close
Close