Cúinne Comhrá, Féile Swell - Alasdair Whyte

Tá muid ag teacht chugaibh arís an tseachtain seo lenár sraith 'Cúinne Comhrá' ó Fhéile Swell, féile cheoil agus champála ar Árainn Mhóir, oileán amach ó chósta Dhún na nGall.

An tseachtain seo, tá Caoimhe ag labhairt leis an cheoltóir Alasdair Whyte ón bhanna ceoil Albannach WHYTE.

Is ceoltóir agus cumadóir Gàidhlig é Alasdair atá sa ghrúpa in éineacht le Ross Whyte, cumadóir ceoil leictreonaigh.

D'eisigh siad a gcéad albam 'Fairich' sa bhliain 2016, ar a bhfuil meascán d'amhráin thraidisiúnta agus amhráin nuachumtha.

Tá siad ag obair faoi láthair ar an dara halbam acu.

Bhí Alasdair agus Ross ag seinnt ag Féile Swell in éineacht leis an cheoltóir Inni K. Bhí siad ar fad i ndiaidh seachtain a chaitheamh i dteannta a chéile i nDún na nGall ag cumadh amhráin úra mar chuid de thogra maoinithe ag Féile Ealaíne an Earagail.

Is féidir tuilleadh eolais faoi WHYTE a fháil anseo.

Close
Close