Coinnímis ag ceol le chéile - Irial Ó Ceallaigh

Is é seo an triú clár de shraith s'againn, 'Coinnímis ag ceol le chéile'. Bhuail Meon Eile le seisear ceoltóirí agus amhránaithe Gaelacha in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste agus labhair muid leo faoi shaol s’acu mar cheoltóir agus faoi na dóigheanna a ndeachaigh an dianghlasáil i bhfeidhm orthu. 

Le linn na géarchéime seo, ní bhíonn móran de dheis ag daoine seinm le chéile ná éisteacht le ceol beo mar sin shocraigh Áras Mhic Reachtain agus Meon Eile go dtabharfadh muid blaiseadh don lucht féachana go dtí go mbeidh muid in ann sin a dhéanamh arís. 

Inniu beidh muid ag labhairt le Irial Ó Ceallaigh, fear a raibh an bua aige ag Oireachtas 2018 sa rannóg 'Sean-nós na bhFear'. Labhraíonn Irial linn faoin spreagadh a fuair sé óna theaghlach agus é ag fás aníos le díriú ar an amhránaíocht ar an sean-nós. Déanann sé plé ar na stíleanna éagsúla sa traidisiún agus tugann sé sampla galánta dúinn.

San fhíseán thíos, tugann Daithí Mac Uait, bainisteoir imeachtaí Áras Mhic Reachtain, intreoir don tsraith. Is eisean a thug cuireadh do na ceoltóirí seinm agus, le cuidiú ón Chomhairle Ealaíon, bhí deis acu airgead a thuilleadh le linn an paindéime fosta.

Close
Close