Ceoltóirí na gContaetha - Mairéad Mitchell

Sa tsraith úr seo 'Ceoltóirí na gContaetha', buaileann Meon Eile le ceoltóirí ó chontaetha éagsúla as gach cearn den tír. Is í Mairéad Mitchell as an Lúb i gContae Dhoire an chéad aoi sa tsraith.

Tá an ceol traidisiúnta lárnach i saol Mhairéad agus ina teaghlach. Tá a hathair, a col ceathracha agus a huncail ag seinm le blianta agus bhunaigh a cuid seantuismitheoirí bráinse de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar an Lúb. Is léir ó éachtanna Mhairéad go bhfuil an ceol go fóill láidir sa teaghlach.

Thosaigh Mairéad ag seinm ar an fhidil agus í ina páiste, agus chinn sí ar an chonsairtín a fhoghlaim agus í sna déaga. 

D'fhreastail sí ar ranganna de chuid Phíobairí Ard Mhacha agus bhí Ciaran Hanna mar mhúinteoir aici, rud a bhfuil Mairéad go fóill iontach buíoch as.

Ghlac sí páirt i bhFleadh Uladh ar an Droim Mór ar na mallaibh agus d'éirigh léi an chéad áit a fháil i gcomórtas an chonsairtín agus sa cheol beirte lena col ceathrair Maria Mitchell.

Close
Close