Ceirdeanna - Pinn Thír Chonaill

Inniu ar ‘Ceirdeanna’ tá muid i Loch an Iúir i nGaeltacht Thír Chonaill agus muid i gcuideachta na ndeartháireacha, Rónán agus Conor Mac Gairbheith, beirt fhiontraithe óga atá i mbun a gcomhlachta féin ag déanamh pinn adhmaid.

Dhá bhliain ó shin thug Meon Eile cuairt ar na gasúirí óga seo agus iad ach ag toiseacht amach ach is mór an t-athrú atá taghta ar an scéal ó shin agus an gnó ag gabháil ó neart go neart.

Tá an gnó ag fás agus ag forbairt ó thosaigh siad amach agus éileamh fud fad an domhain ar na pinn snásta seo. Bhain an bheirt deartháireacha clú amach sna meáin le cúpla bliain anuas, ach go háirithe ar ‘Dragons Den Juniors, nuair a d’éirigh leo infheistíocht bhreise a fháil ó chuid de na ‘dragain’.

Níl dabht ar bith go mbeidh muid ag cluinstin níos mó faoin bheirt seo sa todhchaí agus iad go tabhairt faoi thograí úra cheana féin le cur lena ngnó.

Ceirdeanna - Pinn Thír Chonaill

Féach an nasc thíos faoi choinne níos mo eolais ar ‘Donegal Pens’.

Close
Close