Ceird na seacláideoireachta ag dul ó ghlúin go glúin

Thosaigh Maitiú agus Karola Ó Conaill ag déanamh seacláide i 1978 i gCarraig Uí Leighin, Co. Chorcaí.

I 2011, thosaigh iníon s’acu, Aoife, ag díol cuid den tseacláid sin i Margadh Naomh Seoirse i mBéal Feirste chun airgead sa bhreis a shaothrú agus í ag staidéar dlí ar an ollscoil.

Ó shin, shocraigh Aoife agus a fear céile, Dominic, leanúint le ceird na seacláideoireachta go lánaimseartha, agus tá siad anois ag déanamh seacláide de lámh ina monarcha i mBéal Feirste.

Chaith Meon Eile seal le hAoife chun níos mó a fháil amach faoin ghnó, agus ar ndóigh, chun cuid den tseacláid a bhlaiseadh!

Ceird na seacláideorachta ag dul ó ghlúin go glúin

Bíonn seastán ag Seacláidí Ó Conaill i Margadh Naomh Seoirse gach Aoine, Satharn agus Domhnach, agus bíonn siad ag an Walled Marked i nDoire an chéad Satharn de gach mí.

Cuireann siad réimse leathan de milseáin seacláide, barraí seacláide, seacláid the agus níos mó ar fáil, le gach rud déanta de lámh i mBéal Feirste.

Molann Meon Eile Mocha le meascán de sheacláid bhainne agus seacláid dhorcha – go haoibhinn!

Close
Close