Ceiliúradh 50 bliain Choláiste Mhachaire Rabhartaigh
Cheiliúir Coláiste Mhachaire Rabhartaigh, coláiste samhraidh de chuid Gael Linn, 50 bliain ar an fhód Dé hAoine seo caite.
Bhailigh pobal an choláiste le chéile in Óstán Loch Altan, Gort a' Choirce le haghaidh an chomóraidh. I measc an phobail sin bhí baill agus iar-bhaill foirne an choláiste, ionadaithe Gael Linn, agus muintir na háite. Chuala an slua ó neart daoine faoi thábhacht an choláiste agus faoina gcuimhní féin de na cúrsaí.
Labhair Meon Eile le Réamonn Ó Ciaráin, príomhfheidhmeannach Gael Linn, Póilín Uí Cheannúbháin, bainisteoir Choláiste Mhachaire Rabhartaigh, agusWayne Mac Feilimí, cathaoirleach Gael Linn, faoin ócáid. Chomh maith leis sin, labhair muid le Ruairí Ó Donnáin, iar-scoláire de chuid an choláiste a bhíonn ina phríomhoide ar roinnt cúrsaí i rith an tsamhraidh.