Céad slán le LOL agus céad fáilte roimh an emoji!
Cloiseann muid go leor cainte i measc an aosa óig faoin emoji sa lá atá inniu ann.
Daoibh súid nach bhfuil a fhios agaibh cad is emoji ann, is iad na híocóin nó na pictúirí atá le fáil ar leithéid Facebook agus ar do ghlicghuthán.
Úsáideann tú iad le cur síos a dhéanamh ar mhothúcháin, in áit an focal féin a scríobh.
Ach tá deagóirí anois ábalta comhrá iomlán a dhéanamh leis na straoiseoga seo amháin, gan focal ar bith a úsáid!
Bhí físéan ceoil ag Katy Perry le déanaí inar úsáid sí emoji le cur síos a dhéanmh ar a hamhrán.
Agus tá daoine fasta ag dul i ngleic leis an nós úr seo chomh maith – má tá sé maith go leor do Katy Perry, tá sé maith go leor dúinne!
Chuaigh Meon Eile le labhairt le beirt i gCo Dhún an nGall le níos mó a fháil amach faoi na hemojis!