Iománaithe Dhoire ag teannadh ar Chorn Christy Ring

Inniu rachaidh iománaithe Dhoire i mbun coimhlinte le Ciarraí i gcluiche ceannais Chorn Christy Ring i bPáirc an Chrócaigh. Seo an chéad uair d’fhir Dhoire cluiche ceannais na craoibhe a bhaint amach.

Is iad Ciarraí rogha na coitiantachta faraor, agus farasbarr 36 cuilín acu ar Chill Dara ina chluiche leath ceannais.

Ach, tá fir Dhoire i ndiaidh iománaithe an Dúin, Londan agus Maigh Eo a chur go droim seoil go dtí seo i mbliana.

Tá lucht an chontae dóchásach go dtabharfar dúshlán na gCiarraíoch. Labhair muidne le Malachaí Ó hAgáin atá ar phainéal Dhoire faoin chluiche ceannais agus faoi fhorbairt na hiomána i nDoire.

Is múinteoir é Malachaí i nGaelscoil Éanna i nGleann Gorm Liath agus tá lámh mhór aige i gcur chun cinn Champa Chormaic ina chontae dhúcháis.

Agallamh le Malachaí Ó hAgáin
Close
Close