Dornálaithe clúiteacha ag foghlaim na Gaeilge

Dornálaithe clúiteacha ag foghlaim na Gaeilge

Sheol beirt dornálaithe clúiteacha, Paddy Barnes agus Michael Conlon, feachtas foghlama ‘Is leor Beirt’ i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain inné.

Is í aidhm an fheachtais go mbunófaí 200 gréasán comhrá ar fud na tíre. Tá an bheirt i ndiaidh foghlaim na Gaeilge a chur rompu mar sprioc.

Dúirt siad go raibh tionchar ag saolú a gclainne ar a gcinneadh chun dul i mbun foghlama.

“Teastaíonn uaim go mbeidh Gaeilge ag m’iníon nuair a thiocfaidh sí in aois agus ní mór dom í a fhoghlaim ar dtús báire!” arsa Conlon.

Tugann grúpaí comhrá ‘Is Leor Beirt’ deis úsáide agus sóisialaithe do dhaoine ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus tá pacáiste tacaíochta forbartha ag Conradh na Gaeilge lena chois.

Seo chugaibh léargas ar obair an fheachtais agus agallaimh leis na dornálaithe faoina n-aistear teanga…

Is leor beirt seolta
Close
Close