Sráidainmneacha sa Cheathrú Ghaeltachta

D’eagraigh an Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann comhairliúchán poiblí in Áras na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh. Bhí sé mar aidhm ag an chomhairliúchán eolas áitiúil agus tuairimí ar leaganacha Gaeilge shráidainmneacha na Ceathrún Gaeltachta a bhailiú.

D'fhreastail eagraíochtaí Gaeilge áitiúla agus daoine a bhfuil cónaí orthu sa Cheathrú Ghaeltachta ar an imeacht chun a gcuid eolas féin a roinnt leis an Tionscadal Logainmneacha atá lonnaithe in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Labhair Meon Eile le Tomás Ó hAodha, taighdeoir de chuid an Tionscadal Logainmneacha, faoi na gnéithe éagsúla a bhaineann le sráidainm a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus cé chomh tábhachtach agus atá sé eolas áitiúil a chur san áireamh chun an obair ar leith seo a chur i gcrích.

Bhí deis againn tábhacht an chruinnithe seo a phlé le Cuisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge ar an lá a ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le rún chun 301 comhartha dátheangach a thógáil sa Cheathrú Ghaeltachta.

Close
Close