Snámh Farraige na nGael i gCuan Héilin

Chuir scaifte Gael tús leis an lá le snámh farraige i gCuan Héilin, Contae an Dúin, Dé Domhnaigh seo caite.

Is é Conradh na Gaeilge a d’eagraigh Snámh Farraige na nGael mar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge 2026. B’ócáid tiomsaithe airgid í ar son Anaka Women’s Collective, iarracht a bhí an-chuí don lá a bhí ann – Lá Idirnáisiúnta na mBan. Tacaíonn Anaka Women’s Collective le mná i mBéal Feirste atá ina dteifigh nó ina n-iarrthóirí tearmainn. Cuireann an eagraíocht ar a gcumas a gcuid scileanna a chomhroinnt agus airgead a shaothrú dóibh féin. 

Bhí meascán d’fhoghlaimeoirí agus de chainteoirí líofa i láthair le páirt a ghlacadh sa tsnámh agus a gcuid Gaeilge a chur in úsáid, bíodh sé sin san uisce nó thar chupán tae agus iad ag téamh suas. Cibé leibhéal Gaeilge a bhí ag na rannpháirtithe, is cinnte go raibh siad buíoch gur maidin gheal ghrianmhar a bhí inti. 

Labhair Meon Eile le ceannaire an imeachta, Dearbhail Mhic an Bhiataigh, atá ina Feidhmeannach Feachtas Feasachta le Conradh na Gaeilge, agus le Cassie Ní Chatháin faoin imeacht agus faoin dea-thionchar a bhíonn ag an tsaghas ócáide seo ar dhaoine.

Close
Close