Podchraoladh ‘Seachtain’ ag Ard-Fheis CnaG 2026

Taifeadadh eagrán speisialta de phodchraoladh ‘Seachtain - nuachtán Gaeilge The Irish Independent - ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán an Europa i mBéal Feirste an tseachtain seo caite.

Ba é téama na hArd-Fheise i mbliana ná ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe: Éire nua a thógáil do na glúnta atá le teacht. Rinneadh leasú stairiúil ar bhunreacht na heagraíochta chun “gníomhú ar son Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”.  

In éineacht le hiriseoir an nuachtáin agus láithreoir an phodchraolta, Áine Ní Bhreisleáin, bhí na haíonna Róisín Nic Liam, a sheol taighde úrnua ar an cheist chéanna i rith an deireadh seachtaine, agus  Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtáran Chonradh na Gaeilge. 

Is forlíonadh nuachta Gaeilge é ‘Seachtain’ atá mar chuid den Irish Independent agus a bhíonn á fhoilsiú acu gach Céadaoin. Seoltar eipeasóid úr den phodchraoladh gach Déardaoin. 

Dfhreastail Meon Eile ar an chraoladh, áit ar labhair muid le hÁine agus leis an Iriseoir Digiteach agus Curadh Meán Sóisialta, Storm-Eaton Killgallen.  

Is féidir éisteacht le heagráin Seachtain ar Spotify anseo nó áit ar bith eile a bhfaigheann tú do chuid podchraoltaí. 

Close
Close