Movin' March le Coláiste Feirste

Tá daltaí Choláiste Feirste ag déanamh iarracht 13,000 céimeanna a dhéanamh achan lá mar pháirt den fheachtas 'Movin' March' atá á reáchtáil ag an charthanacht Autism NI.

Tá an togra seo ar siúl acu ar feadh seachtaine agus achan lá téann siad go dtí suíomh úr le go mbeidh na páistí oilte ar chineálacha éagsúla aclaíochta spraoiúla.

Labhair Meon Eile le Maura Mhic Ionnrachtaigh faoin chinneadh a thóg Coláiste Feirste le páirt a ghlacadh san fheachtas. Mhínigh Maura an méid suime a bhí ag na scoláirí ann agus an tionchar dearfach atá ag an aclaíocht orthu agus iad ag siúl le chéile ag am lóin. Tugann seo deis do na páistí níos mó eolais a fháil ar an uathachas agus ar riachtanais spéisialta eile ionas go mo mbeidh siad níos tuisceanaí sa saol.

Close
Close