Niamh Ní Ruadhagáin
Dá siúlfá isteach sa Chultúrlann agus an gheamaireacht ‘Luaithríona’ ar siúl san Amharclann, seans go sílfeá go raibh púca sa tóir ar pháistí thuas staighre.
I bhfírinne, bhí níos mó ná 500 páiste istigh thar cheithre lá ag gáire, ag screadaíl, agus ag faíreach mar gheall ar an léiriú úr den scoth de ‘Luaithríona’, atá scríofa agus stiúrtha ag Conall Mac Corraidh. Bhí cuid den locht air féin as an challán nó bhí páirt aige mar ‘An Leasmháthair Uafásach’.
Dúirt Conall gur fhoghlaim sé ó Ghearóid Ó Cairealláin an dóigh chun ‘Gaelú’ a dhéanamh ar gheamaireacht, agus go bhfuil an dráma seo in ómós do shaol agus do shaothar s’aige.
Chomh maith leis sin, dúirt sé go bhfuil an dráma agus an scríbhneoireacht seo mar chuid den oidhreacht atá faighte Gaeil Bhéal Feirste ó bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, amhail Seán Mac Seáin.
Tá sé deacair a rá cén grúpa a bhain an sult ba mhó as an gheamaireacht, na haisteoirí nó na páistí, ach is cinnte go mbeidh muid uilig ag súil go mór leis an chéad dráma eile.


