Niamh Ní Ruadhagáin & Molly Wallace
Eagraíodh léirsiú éigeandála i mBéal Feirste Dé Luain le tacaíocht a léiriú do stailc ocrais Palestine Action atá ar siúl ag príosúnaigh sa Ríocht Aontaithe.
Le roinnt míonna, cuireadh daoine i bpríosún de bharr gníomhartha a bhaineann le Palestine Action. Tá cuid mhór acu ar athchur agus ní chuirfear faoi thriail iad go dtí 2027, cé nach raibh Palestine Action ar liosta na n-eagraíochtaí sceimhlitheoireachta nuair a cuireadh i bpríosún iad sa chéad dul síos.
Cuireadh tús leis an stailc ocrais ar an 2 Samhain 2025 (lá cuimhneacháin Dhearbhú Balfour), nuair a dhiúltaigh beirt bia. Bhí ochtar ar an stailc go dtí an tseachtain seo ach baineadh cúpla duine acu den stailc de bharr cúrsaí sláinte.
Tá cúig éileamh bhunúsacha ag na príosúnaigh mar chuid den stailc: 1. Deireadh a chur le cinsireacht, 2. Iad a ligean amach faoi bhannaí láithreach, 3. An ceart chun triail chóir a fháil, 4. Palestine Action a bhaint ó liosta na n-eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, 5. Elbit Systems a dhruidim.
Bhí slua mór i láthair ag an léirsiú dlúthpháirtíochta agus éagsúlacht leathan eagraíochtaí ann. Ina measc, bhí Cairde na Palaistíne Bhéal Feirste, ROSA NI, Anaka Women’s Collective, United Against Racism, An Páirtí Sóisialach, Pobal Seachas Brabús, An Páirtí Glas, Ireland Palestine Solidarity Campaign agus eile ag brú chun aird a tharraignt ar an scéal, agus na cúig éileamh atá ag na scailceoirí a chur chun cinn.
Chualathas ó chainteoirí difriúla; Gerry Carroll ó Phobal Seachas Brabús, Evangelina Zacharopoulou, agus Jack Farrar ina measc, agus bhí ceol ann le Saoirse Wagner, gníomhaí ar son na Palaistíne ó Ollscoil na Banríona.
Bhí deis ag Meon Eile an léirsiú féin, an stailc ocrais, agus freagairt an rialtais a phlé le Eva Martin ó ROSA NI. Labhair muid fosta le Molly Wallace, cara leis an stailceoir ocrais Amu Gib a bhí ar lá 44 dá stailc ocrais ar an Luan.


