Seoladh ‘BLOSC’, blag staire le Feargal Mac Bhloscaidh

Ag tús mhí Mhárta d'eagraigh Gael Ionad Mhic Goill agallamh poiblí idir an stairí agus múinteoir Feargal Mac Bhloscaidh agus an t-iriseoir Robert McMillen.

Is muinteoir staire i gColáiste Feirste é Feargal atá i ndiaidh tús a chur le blag staire dar teideal 'BLOSC' ina scríobhann sé faoi ábhair shuimiúla éagsúla ón domhan mór, le béim láidir ar stair na hÉireann. 

Rinne Feargal comhrá spéisiúil le Robert faoina shaol ag fás aníos dó i Tír Eoghain agus faoi na nithe agus na daoine a spreag a chuid suime sa stair. Phléigh an bheirt acu an blag nua agus cúrsaí polaitíochta comhaimseartha.

Labhair Meon Eile le Feargal agus Rab, agus le roinnt daltaí ó Choláiste Feirste a bhí sa lucht féachana.

Is féidir an blag a léamh anseo.

Close
Close