Scéim Samhraidh Bhoirche Íochtar

D’fhreastail breis agus 120 páiste ar Scéim Samhraidh Bhoirche Íochtar an tseachtain seo caite agus an ghrian ag soilsiú ó Luan go hAoine. Cuireadh scoth na n-imeachtaí ar siúl do pháistí naíscoile agus bunscoile as gach cearn de Chontae an Dúin, iad siúd a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna Béarla araon.

Cuireadh an scéim ar bun den chéad uair in 1981 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Tugtar deis do gach uile pháiste timpeall na contae freastal ar an tseachtain spreagúil sultmhar. Go stairiúil, ba é an scéim samhraidh an t-imeacht ba mhó a bhí ar fhéilire Chonradh na Gaeilge i mBoirche Íochtar agus tá an teachtaireacht thábhachtach chéanna ag na heagraithe go fóill: gur phobal iad atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus ag tabhairt deiseanna do gach páiste, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa.

Le linn na seachtaine, tugadh neart deiseanna do na páistí an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh, trí spórt, ceol, ealaíon, drámaíocht, damhsa agus cluichí. Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl gach maidin, áit a mbíonn an seans ag na múinteoirí an teanga a spreagadh ar bhealaí sultmhara.

Tá éileamh ann don teanga i gContae an Dúinn, agus bhí i gcónaí. Léiríonn éachtaí mar seo, mar aon leis na clubanna óige, imeachtaí teaghlaigh agus seirbhísí eile a chuireann Boirche Íochtar ar fáil don mhórphobal, gur fiú deiseanna éagsúla a thabhairt don aos óg, teaghlaigh agus daoine óga, blaiseadh a fháil den chultúr, den teanga agus den phobal Ghaelach.

Is i nGaelscoil na mBeann, Cill Chaoil, a bhíonn an scéim lonnaithe agus is scoil í a bhfuil fás agus forbairt nach beag tagtha uirthi le tamall de bhlianta. Agus nuair a chuirtear san áireamh an rath ar scéim Ghael Linn, Scoil Spreagtha, sna bunscoileanna áitiúla Béarla fosta, is léir go bhfuil tábhacht ar leith leis an obair leanúnach atá Conradh na Gaeilge i mBoirche Íochtar a dhéanamh le haos óg an cheantair

Close
Close