Bhailigh gnólachtaí le chéile i Spórtlann na hÉireann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, ar na mallaibh chun Margadh Bróid a chur ar siúl i gcomhar leis an chlub CLG Aeracha Uladh. An sprioc a bhí leis an mhargadh ná maoiniú a bhailiú don chlub.
Is é Aeracha Uladh an chéad agus an t-aon chlub CLG LADTA+ i gCúige Uladh go dtí seo. Shocraigh siad, in éineacht leis an Queer Celtic Collective, margadh a bhur ar bun do Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta.
D’éirigh chomh maith sin leis an chéad eagrán den mhargadh go raibh siad ag iarraidh ceann eile a dhéanamh agus muid ag teacht i dtreo Bród Bhéal Feirste, a bheas ag titim amach ar an 25 Iúil.
Labhair Meon Eile le chuid de na gnólachtaí a bhí i láthair ar an lá. Bhí Aisling Ní Loideáin ann ón Cheathrú Póilí, siopa leabhar Gaeilge atá lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Mhol sí an obair a rinne Aeracha Uladh ar an lá le spás sábháilte oscailte a chruthú don phobal LADTA+ i mBéal Feirste.
Bhí Aoife Nic an tSaoir ó Kitsch Sisters ann, grúpa a chuireann ceardlanna ceardaíochta ar siúl agus a chruthaíonn seodra agus ealaín. Dúirt sí go bhfuil tábhacht le himeachtaí ar nós an mhargaidh seo le go dtig le daoine agus gnólachtaí Feirsteacha theacht le chéile agus aithne a chur ar a chéile.
Labhair Anton McCarthy linn, fear atá ag imirt le hAeracha Uladh le bliain anois, faoin atmaisféar dearfach a bhíonn ann sa chumann agus an pobal atá á chruthú acu.
Is í Nuala Finch eagraí Queer Celtic Collective agus Cathaoirleach ar Bhord Aeracha Uladh. Bhí sí thar a bheith sásta leis an rath a bhí ar an lá agus d’inis sí dúinn faoin tábhacht a bhaineann le dlúthpháirtíocht a léiriú leis an phobal LADTA+, agus cúis na Palaistíne, mar a bhí Palestine Drinks agus Máithreacha in éadan an Chinedhíothaithe i láthair ag an mhargadh chomh maith.


