Is tionscadal de chuid Chumann Óige Uachtar Chluanaí é Cosantóirí na Coille ina raibh daltaí bunscoile ag foghlaim faoin nádúr trí chluichí agus imeachtaí taobh amuigh. Is ar shuíomh Ghlór na Móna in iarthar Bhéal Feirste a bhí an togra ar siúl agus mhair sé sé seachtaine.
Thug Meon Eile cuairt ar oíche bhronnta an tionscadail ar na mallaibh agus an cúrsa ag teacht chun deiridh roimh an Nollaig. Chun an cúrsa a cheiliúradh bhí na páistí ag déanamh tine, ag imirt cluichí taobh amuigh agus i mbun balsam a chruthú le céir bheach.
Labhair muid le hAoife de Bhál faoin togra agus na buntáistí a bhaineann le bheith ag foghlaim faoin aer agus páistí a spreagadh le bheith mar chuid den phobal atá thart orthu agus grá don dúlra a chothú iontu.
D’inis cuid de na páistí a bhí páirteach sa chúrsa dúinn faoi na rudaí ab fhearr leo agus faoi na himeachtaí éagsúla a rinne siad le linn Chosantóirí na Coille.
