Na mílte ag comóradh Éirí Amach na Cásca 1916 i mBaile Átha Cliath

Go díreach 100 bliain ó cuireadh tús le hÉirí Amach na Casca 1916 tháinig na mílte le chéile i mBaile Átha Cliath le comóradh a dhéanamh ar na fír agus na mná a throid ar son shaoirse na hÉireann.

Bhí an ócáid Dé Domhnaigh i lár na cathrach eagraithe ag Reclaim 1916 agus Sinn Féin agus bhí éagsúlacht mhór ann i measc na ndaoine ar fad a ghlac páirt sa cheiliúradh.

Shiúil na mílte ó Chearnóg Mhuirfean go hArd Oifig an Phoist, áit a raibh filíocht, ceol agus scéalaíocht le cluistin ón ardán. Léadh Forógra na Casca amach os ard agus rinneadh cúirtéis ghunna (bréige) in ómós do na laochra a cuireadh chun báis.

Bhí breis agus 40 buíon cheoil ó cheann ceann na tíre agus níos faide i gcéin arís i measc mílte a ghlac páirt sa mhórshiúl.

Bhí ‘Romania in Ireland’; ‘Ireland Palestine Solidarity’ agus ‘Shannon Watch’ i measc na ngrúpaí a bhí ag siúl ar an lá.

Seo blaiseadh den cheiliúradh…

Na mílte ag comóradh Éirí Amach na Cásca 1916 i mBaile Átha Cliath
Close
Close