Foirgneamh nua do Scoil an Droichid


In 1996, tháinig grúpa tuismitheoirí ón Trá Ghearr le chéile agus an sprioc a bhí acu ná Gaelscoil nua a thógáil in oirdheisceart Bhéal Feirste, rud nach raibh ann go dtí sin. Chuir gach duine acu a gcuid airgid féin ar leataobh chun morgáiste a thógáil amach ar shuíomh ar Bhóthar Ormeau. 

Bothán amháin a bhí ar an suíomh ar dtús agus, ón am sin i leith, chuaigh Scoil an Droichid ó neart go neart. Anois, agus 185 dalta ag teacht fríd na doirse gach lá, tá an t-am tagtha le forbairt eile a dhéanamh nó go bhfuil an scoil ag éirí rómhór don fhoirgneamh reatha.

Níos lú ná míle ó shuíomh an Droichid, tá seanfhoirgneamh de chuid an Údaráis Oideachais le leagan go talamh agus seo an áit a mbeidh an scoil nua tógtha. 

Labhair Meon Eile le Fionnguala McCotter, príomhoide na scoile, faoi na pleananna atá acu don suíomh nua ar South Parade ar a mbeidh halla spóirt, seacht seomra ranga agus dhá sheomra acu a bheidh dírithe ar dhaltaí le riachtanais speisialta.

Tá súil ag muintir an Droichid go mbeidh an suíomh nua ag feidhmiú faoi mhí Iúil 2021. Labhair muid le triúr ó rang a seacht, Oisín, Ríoghnach agus Aodh, cé nach mbeidh deis acusan freastal ar an fhoirgneamh nua, bhí siad ar bís don chéad ghlúin eile de dhaltaí an Droichid – rud a léiríonn cé chomh tábhachtach is atá an tionscadal seo don phobal Gaelach sa cheantar. 

Close
Close