Eurocall 2026 in Ollscoil Uladh

Is comhdháil dhomhanda é Eurocall a chuireann an éagsúlacht teangacha chun cinn trí úsáid na teicneolaíochta a fhiosrú.

Bhí sé ar siúl in Ollscoil Uladh, Béal Feirste, an tseachtain seo caite agus cuireadh seisiúin, cainteanna, seimineáir, cruinnithe agus imeachtaí sóisialta ar bun lena linn.

Seasann an ‘-call’ in Eurocall do ‘Computer-Assisted Language Learning’ agus is air sin a bhí an bhéim sa phlé faoi na modheolaíochtaí taighde éagsúla agus faoi na huirlisí agus dearaí trialacha atá á n-úsáid le todhchaí an oideachais teanga a neartú.

D’fhreastail Meon Eile ar an chomhdháil ar an Déardaoin agus labhair muid le cuid de na Gaeil a bhí i láthair.

Close
Close