Bhailigh oibrithe ón earnáil óige Gaeilge i gCnoc Uí Néill, Dún Geanainn, Contae Thír Eoghain, don chéad Chomhdháil Earnála a d’eagraigh Fóram na nÓg.
Is eagraíocht ionadaíochta é Fóram na nÓg a thugann tacaíocht do chumainn agus do chlubanna óige ar fud an Tuaiscirt.
Le linn na comhdhála seo, bhí aoichainteoirí agus seomraí ar leithligh uilig ag plé lena chéile na dóigheanna is fearr le feabhas a chur ar an earnáil óige Gaeilge.
Labhair Meon Eile le Caoimhe Nic Cú Uladh ó Fhóram na nÓg faoin éileamh a bhí ar an imeacht agus faoin tábhacht a bhaineann le bheith ag éisteacht le guth na ndaoine óga, agus na deiseanna seo a chur ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge.
Is oibrithe óige iad Teagan agus Connla, atá ag déanamh OCN le Fóram na nÓg. D’inis siad dúinn faoin ghrá atá acu don obair a dhéanann siad sa Chlub Óige s’acu, Glór na Móna.
Thug Róisin Nic Liam óráid chumhachtach ar an lá bunaithe ar an taighde leathán atá déanta aici mar iníon léinn PhD.
Phléigh sí ról na ndaoine óige in athbheochan na teanga agus mhol sí an ghlúin óg a bhíonn ag obair le Fóram na nÓg, ag rá go bhfuil siad iontach airdeallach faoin domhan thart orthu agus go bhfuil féinmhuinín acu agus iad ag plé na hábhair a théann i bhfeidhm orthu.

