Ceol agus comhluadar i nGaelcholáiste Dhoire

Tháinig páistí agus seanfhondúirí le chéile ar na mallaibh chun craic agus ceol a bheith acu i nGaelcholáiste Dhoire.

Is iar-bhunscoil lán-Ghaeilge é Gaelcholáiste Dhoire le héiteas lán-Ghaeilge agus Gaelach.

Cuireann an coláiste béim mhór ar cheol agus tá teagasc ceoil ar fáil d'uirlisí éagsúla sa scoil.

Dar le Nodlaig Ní Bhrollaigh, comhordaitheoir ceoil na scoile, gurb é ceann de na spriocanna atá acu ná comhdheiseanna a chruthú do pháistí atá in oideachas lán-Ghaeilge. 

Deis mhaith a bhí sa cheiliúradh is déanaí seo don scoil tallann ealaíonta na ndaltaí a chur ar ardán agus é a thaispeáint do na ghliúnta a tháinig roimhe.

Bhí seans ag na daltaí cúpla port a sheinm agus cúpla amhrán a rá, agus bhí sé soiléir go raibh bród as cuimse ar na daoine níos sine as an dul chun cinn iontach atá déanta ag pobal na Gaeilge sa cheantar.

Chaith Meon Eile maidin shultmhar ina measc.

Close
Close