Bliain úr ollscoile: comhairle do mhic léinn!

Le teacht an fhómhair tá sé in am do mhic léinn filleadh ar an ollscoil, nó, do chuid acu ar ndóigh, dul ann den chéad uair.

Tá neart dúshlán ag baint le saol na hollscoile ach neart buaicphointí chomh maith.

Bíonn ar chuid mac léinn bogadh ar shiúl ón bhaile, bíonn neamhspléachas oibre i gceist, cairde úra le déanamh agus is iomaí rud eile atá difriúil ó shaol na meánscoile.

Labhair Meon Eile le mic léinn reatha agus le léachtóir ollscoile chun a gcomhairle dóibh siúd atá ag tosnú ar an ollscoil i mbliana a fháil.

Close
Close