An Foclóir Aiteach

Tá dlúthpháirtíocht idir an pobal Gaelach agus an pobal LADT+ ar siúl i gcathair Bhéal Feirste le cúpla bliain anuas.

Téann an dá ghrúpa i mbun féachtasaíocht ar son cearta daonna ó thuaidh agus táthar ag méadú ar an chomhoibriú sin i rith an ama.

Gach bliain, cuireann Féile Liú Lúnasa imeacht ar siúl a thógann an dá phobal mionlaithe le chéile agus a dhéanann na ceisteanna a phlé ar dhóigh ealaíonta uileghabhálach.

I mbliana rinneadh sin trí mheán na filíochta ag seoladh an fhoclóra nua 'aitigh' de chuid Aontas na Mac Léinn in Éirinn.    

Cuireadh fáilte roimh bhaill den phobal a gcuid filíochta a léamh ag imeacht san 'American Bar', agus thapaigh beirt an deis, Maoilíosa Scott Nic Éadaoin agus Ciara Ní É.

Cuireann an foclóir nua seo modh cainte úr ar fáil a ligeann do dhaoine cur síos a dhéanamh orthu féin ar dhóigh sháiniúil dhearfach.

Tá tuilleadh eolais agus liosta de na tearmaí nua atá curtha leis an fhoclóir Gaeilge le fáil ar: http://usi.ie/focloir-aiteach/  

Close
Close