Maidin chaife ar son na Palaistíne le Caifé na Mara

Cuireadh maidin chaife ar son na Palaistíne ar siúl i gCaifé na Mara, Contae an Dúin, ar na mallaibh.

Is caifé Gaeilge é Caifé na Mara atá suite in Áth na Long, ar chósta an Dúin, agus atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar.

Bhain an ócáid le sprioc Glór na nGael €20,000 a thiomsú do Palestine Red Crescent Societyagus bhí tae, caife agus ceol sa chaifé an lá ar fad.

Labhair Meon Eile le Ruairí Ó Donnáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, agus dúirt sé go bhfuil sé iontach tábhachtach dóibh tacú le pobal na Palaistíne trí na deontais a fuair siad ar an lá.

Close
Close