Eagraíodh siúlóid treoraithe ar na mallaibh a thosaigh ag páirc foraoise Bhinn Mhadagáin, taobh amuigh de Chaisleán Bhéal Feirste i dTuaisceart Bhéal Feirste, agus a chríochnaigh ag barr an tsléibhe.
D'fhreastail thart ar 20 duine ar an tsiulóid agus ba é Cormac Ó hÁdhmaill a bhí á dtreorú. Tá Cormac ina Chathaoirleach ar Fheachtas Caomhnaithe Bhinn Mhadagáin, feachtas a bunaíodh in 1989. An aidhm taobh thiar den tsiúlóid, atá á reachtáil le cúpla bliain anuas, ná dúlra agus dúchas an cheantair a chur ar a súile do dhaoine. Le linn an turais mhínigh Cormac na plandaí, na luibheanna agus na torthaí éagsúla ar tháinig siad orthu, agus thug a n-ainmneacha Gaeilge chomh maith.
Bhí ceol beo ag an Chaisleán agus ar mhullach an chnoic le Conor Caldwell agus Brian Connolly. Eagraíodh an t-imeacht mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2025. Tá an fhéile bhliantúil ar siúl faoi láthair go tús mhí Lúnasa agus is féidir breathnú ar an chlár anseo.