Aisteoirí Bulfin san 'Iarthar Fiáin'

Tá Aisteoirí Bulfin ar an ghrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Thug Meon Eile cuairt orthu ar na mallaibh agus iad i mbun cleachta ar an dráma úr grinn * LaraeDó*, atá scríofa ag Aodh Ó Domhnaill agus á léiriú ag Barry Barnes.

Suite san ‘Iarthar Fiáin’ sna 1880í atá LaraeDó. Tagann Buddy, fear óg cathrach ón Oirthear, go baile LaraeDó. Tugann sé cuairt ar Fitzies, an salún, agus buaileann sé le muintir na háite. Fonn troda ar chuid acu. Fonn rómánsaíochta ar chuid eile agus fonn óil, ceoil agus ragairne ar gach duine.

Beidh an dráma seo ar siúl sa ‘New Theatre’ i mBarra an Teampaill ón 3ú lá go dtí an 7ú lá de mhí na Nollag agus i nGailimh sa Taibhdhearc ar 14 Nollaig.

laraeDó - Aisteoirí Bulfin
Close
Close