Chuir Na Railways Boys gig bhríomhar ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, ar na mallaibh agus a gceirnín leathfhada nua, ‘Four Track Train Wreck’, á seoladh acu mar chuid de Liú Lúnasa.
Is grúpa de chúigear iad Na Railway Boys – sin iad Piaras Ó Lorcáin, Micky Fearon, Oisín Ó Murchú, Brian Ó Gallchóir agus Seán Breen – a sheineann réimse de sheánraí, amhail ceol traidisiúnta, bluegrass, agus ceol tíre. Thosaigh siad ag seinm mar ghrúpa ag oíche airneáil mhíosúil an Railway Bar in Iúr Cinn Trá, agus is í sin an áit a bhfuair siad ainm an bhanna.
Bhí an deis ag Meon Eile an seoladh a phlé le Brian agus le Piaras. Labhair siad faoin cheirnín é féin, faoin ghig agus faoin tacaíocht iontach a bhí acu roimh ré ó Jimmy Kelly, ceoltóir ó Bhostún SAM a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an tslua a bhí i láthair agus a tháinig ar an ardán leis Na Railway Boys d’amhrán deireanach na hoíche, ‘Pamela Brown’.
Más rud é gur chaill tú an ghig seo ach gur éirigh leat ticéad a fháil don Phicnic Leictreach, is féidir leat Na Railway Boys a fheiceáil oíche Dé Domhnaigh sa Phuball Gaeilge!

