Bhailligh múinteoirí scoile agus oibrithe óige le chéile i nGael-Ionad Mhic Goill, Béal Feirste, ar na mallaibh agus taighde nua de chuid Sólás na nÓg á sheoladh.
Is í an Dr. Órla Nig Oirc seolta a rinne an taighde dar teideal ‘Ag Cothú Comhpháirtíochta: Deiseanna don Chleachtas Chomhoibríoch a Fhiosrú agus a Fhorbairt i measc Gaelscoileanna agus Cleachtóirí Seirbhísí Óige trí Ghaeilge do Dhaoine Óga a bhfuil Riachtanais Bhreise’.
Bhí roinnt cainteoirí i láthair ar an lá idir oibrithe óige agus tuismitheoir duine óig a bhíonn ag baint tairbhe as seribhisí Sólás na nÓg. Labhair Meon Eile le taighdeoir na tuairisce, an Dr. Órla Nig Oirc, faoi na torthaí agus faoin maitheas a dhéanfaidh sé do dhaoine óga i nGlór na Móna.
Fuair an togra taighde maoiniú ón Chrannchur Naisiúnta agus beidh sé ar fáil don phobal go luath ar chuntais meán sóisialta Glór na Móna.