Tírdhreach teangeolaíochta chathair Ard Mhacha leis an Ollamh Mícheál Ó Mainnín

Bhí lúcháir ar mhuintir Ard Mhacha fáilte a chur roimh an Ollamh Mícheál Ó Mainnín ag ócáid ar leith in Aonach Mhacha an tseachtain seo caite.

Léacht dár teideal ‘Tírdhreach teangeolaíochta chathair Ard Mhacha san am atá caite agus san am i láthair’ a thug an leachtóir ó Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Banríona, agus ba ríspéisiúil an t-ábhar é.

Is as Contae Shligigh é Mícheál ó dhúchas agus d’fhreastal sé ar Ollscoil i nGaillimh. Nuair a tháinig sé go Béal Feirste in 1987 le dul i mbun oibre ar na logainmneacha ó thuaidh don tionscadal úr logainmneacha de chuid Ollscoil na Banríona, bhí deis aige cur lena chuid eolais ar na contaetha ó thuaidh agus ar an stair a bhaineann leo. Tá an-suim ag Mícheál in Ard Mhacha le blianta fada agus fuair sé léargas ar leith ar scéal phríomhchathair eaglasta na tíre óna chuid taighde i gcaitheamh na mblianta.

Creideann Mícheál gur fiú scéal na logainmneacha a insint ar bhealaí cruthaitheacha tarraingteacha le cur leis an eolas a bheas ar na comharthaí bóithre ó thuaidh roimh i bhfad, gan barraíocht brú a chur ar an phobal ina dtaobh ach an oiread. Mar a luaigh Mícheál, is fearr i bhfad a léiriú do dhaoine nach bhfuil aon dochar sa Ghaeilge dóibh. Is féidir linn a thaispeáint don phobal go mbaineann an t-eolas seo linne ar fad. Is cinnte go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach tírdhreach teangeolaíochta chontaetha an tuaiscirt a phlé le chéile, go háirithe i ndiaidh Acht na Gaeilge a bheith curtha tríd i dTeach na dTeachtaí i Londain coicís ó shin anois. Oidhreacht roinnte atá i scéal ár logainmneacha agus is fiú agus is féidir an t-eolas luachmhar sin a roinnt le chéile.

Close
Close