Bhailigh múinteoirí, cleachtóirí oideachais agus tuismitheoirí le chéile i Naíscoil an Chéide, Contae Ard Mhacha, le déanaí chun togra nua darb ainm TACU a sheoladh.
Eagraíocht tacaíochta don oideachas luathbhlianta lán-Ghaeilge é Altram agus tá TACU ina chuid dá Chlár Cumarsáide Lasmuigh. Is áis oideachasúil é an clár seo a chothaíonn scileanna cumarsáide páistí trí fhocail agus frásaí coitianta a nascadh le pictiúir.
Tá an togra maoinithe ag an Roinn Oideachais, agus labhair muid le hAisling Walls agus le Caitlín Ní Chonluain ón eagraíocht Altram faoin dóigh a gcuideoidh an Clár Cumarsáide le cumas cainte na bpaistí ar achan leibhéal forbartha.
Is í Bróna Haughey atá ina Cathaoirleach ar Naíscoil an Chéide agus labhair sí faoin tionchar dearfach a bheith ag an áis seo ar pháistí na scoile s’acu féin agus fud fad an Tuaiscirt.
Bhí Pat Sheehan i láthair ar an lá, Ball Tionóil i gCnoc an Anfa agus Leaschathaoirleach an Choiste Oideachais. D’inis sé dúinn faoin tábhacht a bhaineann le áiseanna lán-Ghaeilge ar leith a chruthú do na Gaelscoileanna, ar nós an Chláir Cumarsáide Lasmuigh.


