Seoladh taispeántas de chuid GaelStair ar na mallaibh a dhíríonn ar scéal na scoileanna Gaeilge i mBéal Feirste.
Is i Leabharlann na bhFál a seoladh an taispeántas, i gcomhpháirt le Gaelscoil Éanna.
Déanann an taispeántas cíoradh ar fhás agus ar fhorbairt earnáil an Gaelscolaíochta ó na 1970idí go dtí an lá atá inniu ann, trí scéalta pearsanta ó dhaoine áirithe a raibh ról lárnach acu san fheachtas.
Bhí deis ag daltaí ó Rang 7 roinnt ceoil agus amhrán a sheinm ar an lá chomh maith i ndiaidh dóibh éachtaí móra a dhéanamh ag Oireachtas na Samhna i mbliana.
Fuair GaelStair maoiniú ón Chiste Oidhreachta.


