Tá cúrsa sé seachtaine caite ag páistí as an chumann óige Sólas na nÓg i nGlór na Móna agus iad i mbun teiripe Legobhunaithe lena gceannairí. Bhuail Meon Eile isteach chuig an chumann ar an oíche dheireanach den chlár lego agus ansin arís an tseachtain dár gcionn agus iad ag ceiliúradh éachtaí na bpáistí. Tá Leibhéal Sóisearach bainte amach ag na páistí ón chlár Lego seo agus níos cóngaraí don Samhradh beidh siad ag obair ar mhaithe le Leibhéal Sinsearach a fháil.
Is cumann óige trí Ghaeilge é Sólas na nÓg a bunaíodh in 2019 do pháistí agus déagóirí a bhfuil sainriachtanais oideachais orthu. D'aithin an fhoireann go ndéanfadh seirbhís dá cineál difear nach beag do scileanna cumarsáide agus sóisialta na bpáistí.
Is cineál idirghabhála í an teiripe seo a théann i ngleic le réiteach fadhbanna, cumarsáid, scileanna éisteachta agus go leor eile tríd an súgradh agus trí ghníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh le brící Lego. Chuaigh 12 cheannaire ó Shólas na nÓg trí thraenáil le Carole Wilmont, bunaitheoir 'CALM with Carole'. Is iad an chéad chumann óige Gaeilge atá i ndiaidh clár Teiripe Legobhunaithe a chur i bhfeidhm, rud atá ina chéim ollmhór don obair óige Ghaeilge.
Labhair Meon Eile le Beth Ní Mhuirí, oibrí le Sólas na nÓg, faoi cad é mar a d'éirigh leo i rith na 6 seachtaine, chomh maith le triúr páistí ón chumann, Oisín, Ferdia agus Casey. Bhí an deis againn labhairt le Comhordaitheoir Tionscadail Shólas na nÓg, Pádraigín Mhic Mhathúna, ar an oíche bhronnta chomh maith le Piarais McCaffrey, bainisteoir Kids Together, a mhol an clár do Phádraigín agus dá comhghleacaithe agus a thugann tacaíocht agus treoir don chumann i rith an ama.
Is é a dúirt Pádraigín linn:
"Tá cinéal de cur chuige iomlánach againn i Sólas na nÓg. Bíonn muid ag smaoineamh, ní hamháin ar an duine óg istigh sa chumann óige ach lasmuigh de sin: ar scoil, sa teaghlach, agus scileanna s'acu. Tá plean aonarach ag gach duine óg atá ag freastal agus d'aithin muidne go raibh an clár Teiripe Lego bunaithe ar scileanna sóisialta, pearsanta, cumarsáid, agus sin an áit a bhfuil daoine óga s'againne ag iarraidh forbairt a dhéanamh. Ní hamháin na daoine óga, ach tuismitheoirí s'acu chomh maith."