Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl gach tráthnóna Dé Luain in Ionad na dTeangacha, Lárionad Peter Froggatt, in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá fás agus forbairt tagtha ar na ranganna le tamall agus líon na ndaltaí ag ardú i rith an ama.
Thug Meon Eile cuairt ar na ranganna ar na mallaibh, áit ar labhair muid le roinnt mac léinn faoi na fáthanna ar bheartaigh siad an teanga a fhoghlaim, nó a athfhoghlaim, agus faoin chúis a bhfuil sé tábhachtach dóibh an Ghaeilge a bheith acu.
Thosaigh Siubhán Mhic Giolla Cholaim ag teagasc na ranganna i mí Mheán Fómhair. Baineann sí sult mór as agus dar léi go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaltaí atá ag cur suim sa teanga.
Is é a dúirt Siubhán linn:
"Bíonn daoine ag freastal ar na ranganna mar gur mhaith leo snas a chur ar a gcuid Gaeilge. Bíonn daoine eile anseo atá ag iarraidh go díreach an Ghaeilge a chleachtadh mar nach mbíonn na deiseanna sin acu taobh amuigh den tseomra ranga, sa ghnáthphobal. Bainim an-sult as bheith i dteagmháil agus a bheith i gcomhluadar na ndaoine sin leis an mheon iontach dearfach seo i leith na Gaeilge. Tá daoine nach ndearna staidéar ar an Ghaeilge le b'fhéidir 15 nó 20 bliain anuas agus tá siad ag teacht isteach agus mothaíonn siad ar a gcompord, go hiomlán ar a suaimhneas chun an Ghaeilge a fhoghlaim, agus tógann sin mo chroí."