Chuir an tOllamh Mícheál Ó Mainnín ó Ollscoil na Banríona léacht ar leith i láthair ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste. Athbheochan na Gaeilge agus Athmhuintearas i mBéal Feirste sa 19ú haois b’ábhar don chaint a dhírigh go háirithe ar shaol agus ar shaothar Roibeard Mac Ádhaimh, Preispitéireach a rugadh sa bhliain 1808.
Tá ceachtanna go leor le foghlaim ón ársaitheoir agus teangeolaí do shaol na linne seo agus rinneadh machnamh domhain air sin sa léacht spéisiúil a thug Mícheál. Rugadh Roibeard sa tSráid Ard i lár Bhéal Feirste agus chuir sé go mór leis an ghluaiseacht chultúir agus léinn a bhí ag bláthú sa chathair ó dheireadh an 18ú haois. Chaith sé a shaol ag obair ar son chúis na Gaeilge agus chun athmhuintearas a chur chun cinn. Ar a bharr sin ba thionsclaí mór é - ba leis féin agus lena dhearthóir James an Soho Foundry ar Shráid Townsend, áit a raibh breis agus 250 fear fostaithe ann.
Cé go raibh sé tiomanta don tionsclaíocht, thuig Roibeard go raibh oidhreacht Ghaelach Chúige Uladh i mbaol ag an am agus thug sé faoin teanga a chaomhnú. Thosaigh sé ar lámhscríbhninní agus ar ábhar eile Gaeilge a bhailiú agus a chóipeáil. D'oibrigh sé go dlúth le scríobhaí agus file as Co. na Mí, Aodh Mac Domhnaill (1802 - 1867), agus bhunaigh sé gréasán teagmhálaithe ar fud na cúige.
Is iad Forbart Feirste agus Fáilte Feirste Thiar a d'eagraigh an t-imeacht mar chuid den togra 'Ceiliúradh Caomhnóireachta', togra ar leith arb é is sprioc dó Oidhreacht Phreispitéireach Iarthar Bhéal Feirste a thabhairt chun solais.