Lá Eorpach na dTeangacha i nGaelscoil na bhFál

Bhí Lá Eorpach na dTeangacha ar siúl an tseachtain seo caite agus reáchtáil Gaelscoil na bhFál i mBéal Feirste ócáid speisialta leis an lá a cheiliúradh.

Roghnaigh gach rang sa scoil tír Eorpach le díriú uirthi agus rinne siad ar fad taispeántas faoin tír agus faoina teanga, taispeántas ag a raibh pobal iomlán na scoile i láthair.

Chomh maith leis sin, bhí ceol ann a bhain leis na tíortha éagsúla agus, go deimhin, cuireadh bia ar fáil fosta - pasta agus píotsa ón Iodáil, baguettes ón Fhrainc agus seacláid ón Bheilg, agus bhí boilg lána ann lena chois!

Bhí Meon Eile ann le blaiseadh a fháil de na cultúir éagsúla, agus labhair muid le Seán Fennell, múinteoir Rang 7, agus le roinnt dá chuid daltaí.

Close
Close