Feachtas ar son Gaelcholáiste nua i mBaile Átha Cliath


Tá ceithre bhunscoil Ghaeilge i gceantar Shoird i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ach níl aon mheánscoil ann le freastal ar na daltaí Gaeilge sin.

Aon dalta ar mian leis leanúint ar aghaidh leis an oideachas Gaeilge, caithfidh sé taisteal thart ar 12 mhíle chuig an mheánscoil is cóngaraí. Cé go bhfuil bus scoile ar fáil do na daltaí sin, fágann an t-achar taistil go gcailleann sé amach ar imeachtaí iarscoile ar nós spóirt agus clubeanna eile.

Seacht mbliana ó shin, thosaigh an múinteoir agus tuismitheoir, Rachel de Bháilís, feachtas chun Gaelcholáiste a bhunú i Sord. Dúradh léi ag an am go mbeadh uirthi fanacht go dtí go mbíonn líon na bpáistí ard go leor. Cé gur fhan sí seacht mbliana agus anois go bhfuil 1,800 dalta i mbunscoileanna Gaeilge an cheantair, tá an Roinn Oideachais go fóill ag tabhairt neamhaird uirthi. Tá an pobal, na scoileanna áitiúla agus na tuismitheoirí ar fad ag tacú leis an fheachtas ar son meánscoile Gaeilge.

Labhair Meon Eile le Rachel faoin fheachtas agus faoin tábhacht a bhaineann le oideachas Gaeilge i gceantar Shoird.

Tá achainí curtha ar bun aici agus is feidir é a shíniú anseo change.org.

Close
Close