Bronnadh Teastas - Fóram na nÓg

Le 12 bhliain anuas tá Fóram na nÓg ag cur seirbhísí and oiliúint ar fáil do chumainn agus clubanna óige ar fud an Tuaiscirt.

Bhailigh na grúpaí ar fad a fhaigheann tacaíocht ón eagraíocht le chéile in Ionad na Fuiseoige i mBéal Feirste le bronnadh teastas agus cóisir a bheidh acu leis na hoibrithe óige a bhain cáilíocht amach ar na mallaibh.

Labhair muid le hOrliath Mhic Leannáin, atá ina stiúrthóir ar Fhóram na nÓg, a rinne cur síos ar an obair ar fad atá á déanamh acu thar na blianta. Labhair muid fosta le Conor Torbóid, an t-oifigeach ballraíochta, faoin imeacht ceiliúrtha agus an tábhacht a bhaineann le dul chun cinn a aithint.

Bhí focal againn fosta le Pádraigín Nic Mhathúna ó Solas na nÓg agus le Ella Ní Éignigh, beirt a fuair teastas ar an oíche.

Close
Close