An chomhdháil TeicnEOLAS i mBéal Feirste

Bhailigh múinteoirí Gaelscoile agus oibrithe in earnáil an Ghaeloideachais le chéile i gColáiste Ollscoil Naomh Muire ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, ar na mallaibh fá choinne comhdhála faoin teicneolaíocht san earnáil.

Ba é seo an tríú bliain den chomhdháil darb ainm TeicnEOLAS agus ba é ábhar cainte na bliana seo ná féidearthachtaí Intleachta Saorga sa tseomra ranga.

Labhair Meon Eile le Conchúr Keenan ón fhoireann Ríomhfhoghlama le C2k a thug caint ar an lá faoin dóigh a dtig leis na múinteoirí leas a bhaint as uirlisí cosúil le Google Gemini. Dúirt sé fosta go bhfuil caighdeán na Gaeilge ag dul i bhfeabhas ar na suíomhanna seo agus gur cuidiú ollmhór a bheas ann do mhúinteoirí Gaelscoile an t-ualach oibre suntasach s’acu a láimhseáil.

D’inis Ciara Pickering agus Ciara Uí Ruanaidh, atá ag teagasc in earnáil na Gaelscolaíochta, go raibh siad spreagtha i ndiaidh na comhdhála le tairbhe a bhaint as an eolas nua a fuair siad ón lá. Bhain siad sult fosta as an deis bualadh le múinteoirí eile agus an t-eispéireas s’acu a roinnt.

Dúirt Ciarán Mac Ailín ón Údarás Oideachais go bhfuil sé iontach bródúil as an phobal Gaelscolaíochta agus go bhfuil an Ghaeilge anois i lár an aonaigh sna forbairtí teicneolaíochta.

Close
Close