'An bhfuil a fhios agat?' Clár nua ar Cúla4

Tá clár úr darb ainm 'An bhfuil a fhios agat?' ag tosú gan mholl ar Cúla4 agus is í ag Brídín Ní Mhaoldomhnaigh a bhí ina bhun.

Clár é seo a spreagann páistí leis an domhan thart orthu a cheistiú agus ina dtéann Brídín chuig áiteanna ar leith ar fud na tíre le ceamaraí speisialta a thugann radharc níos doimhne ar ghnáthnithe an tsaoil.

Bhuail Meon Eile le Brídín agus rinne sí cur síos ar an seó agus na rudaí a bheidh le feiceáil ann.

Sraith 25 eipeasóid atá ann agus beidh an chéad chlár ag dul amach Dé Céadaoin 29 Meán Fómhair ag 3.45in ar TG4.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi 'An bhfuil a fhios agat?', is feidir leat dul anseo.

Close
Close