Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn ag spreagadh dóchais i measc lucht labhartha na Gaeilge

Sheol Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Seachtain na Gaeilge 2016 ag oscailt Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Dé hAoine.

Chuir an tUachtarán tús leis an oíche agus é ag spreagadh dóchais i measc lucht labhartha na Gaeilge.

“Is léir go bhfuil cumas an daonra sa Ghaeilge agus an dea-thoil atá acu i leith na Gaeilge ina mbunús láidir dúinn úsáid na teanga a neartú agus a leathnú amach anseo."

“Tá an athbheochan ar bun agus tá ag éirí léi, agus beidh sí ar bun go mbainfimid an sprioc amach,” ar seisean.

Mhol sé an dul chun cinn atá á dhéanamh i measc an phobail Phrotastúnaigh ó thuaidh fosta.

“Caithfimid a chuimhneamh nach le haon fhealsúnacht pholaitiúil faoi leith ná le haon chreideamh faoi leith an teanga. Tá fáilte roimh chách i bpobal na Gaeilge agus is féidir gach saghas saoirse intinne a chleachtadh, is cuma cén dúchas atá ag duine,” a dúirt sé.

Thréaslaigh an tUachtarán le Conradh na Gaeilge as an fhód a sheasamh "go láidir ón am ar bunaíodh é go dtí an lá inniu”.

Thug sé le fios go raibh rún aige don bhliain stairiúil seo páirt a ghlacadh san “oiread imeachtaí agus is féidir a mbeidh an Ghaeilge agus todhchaí na Gaeilge á bplé iontu.”

“Táim ag tabhairt faoi thionscnamh don Ghaeilge chun aird an phobail a dhíriú ar chúrsaí teanga i rith na bliana seo 2016”.

Dúirt sé fosta gur mhaith leis plé a dhéanamh “ar an ról atá ag oifigigh shinsearacha sa státchóras ceannaireacht a thaispeáint maidir le húsáid na Gaeilge agus conas úsáid níos forleithne a spreagadh i measc an eagrais agus an phobail mhóir”.

Luaigh sé an tábhacht a bhí leis an tsraith seimineár Plé 2016, atá idir lámha ag Conradh na Gaeilge chun chomóradh a dhéanamh ar oidhreacht athbheochan na Gaeilge.

Nuair a bhí a óráid thart thóg an tUachtarán agus a bhean Sabina suíochán agus cuireadh tús le seimineár eile dá cuid Plé 16.

Conradh na Gaeilge agus Saoirse Intinne an t-ábhar a bhí á phlé.

I measc na gcainteoirí bhí; Peadar Kirby, Ollamh Emeritus, Ollscoil Luimnigh; Regina Uí Chollatáin, Ceann Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, COBÁC; Colm Ó Néill, Leas-Uachtarán, AMLÉ; agus Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán, Conradh na Gaeilge.

Onóir mhór a bhí ann dár bhfísiriseoir, Seán Ó Baoill roinnt ama a chaitheamh leis an Uachtarán ar an oíche.

Labhair siad faoi chúrsaí teanga, faoi Chonradh na Gaeilge agus faoi cad is saoirse intinne ann…

Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn ag spreagadh dóchais i measc lucht labhartha na Gaeilge
Close
Close