Seoladh tuarascáil taighde le déanaí maidir le dearcthaí i leith na Gaeilge timpeall na tíre. An teideal ar an tsuirbhé ná ‘An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge, 2025: Cumas Úsáid agus Dearcthaí ar Oileán na hÉireann’.
Ba í an tAire Naomi Long a sheol an taighde ag Cnoc an Anfa agus ba mhór an t-imeacht a bhí ann, le polaiteoirí, páirtithe leasmhara, baill ó earnáil na Gaeilge agus ionadaithe eile i láthair. Ba é an Dr Cóilín Ó Floinn, Ollamh Cúnta leis an Teangeolaíocht Fheidhmeach i Scoil na hEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste Tríonóide, Baile Átha Cliath, príomhúdar na tuarascála. Is é Cóilín a chuir an taighde i láthair ar an lá. Ba é Noel Ó Murchadha ó Choláiste na Tríonóide príomhthaigheoir an tionscadail. Is Ollamh Comhlach é Noel san Oideachas Teanga i Scoil an Oideachais. Rinneadh an taighde i gcomhar le Ipsos B&A.
Cuireadh plé painéil ar siúl chomh maith le Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóirí Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge, Conall Ó Máirtín; Cathaoirleach na hOifige Um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha, Katy Radford; Bainisteoir Turas, Linda Ervine; an Choimisinéir Gaeilge, an Dr. Pól Deeds; agus an tUrramach David Moore ón Eaglais Phreispitéireach.
Bailíodh neart torthaí suntasacha ó thús deireadh an taighde. Mar shampla, bhí 64% de dhaoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois ag tacú leis an Ghaeilge. Bhí ardú 10% ó 2013 ar an mhéid daoine a thacaíonn leis an Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Ní raibh ach 3% go mór i gcoinne na teanga. Bhí 67% ar son Gaelscolaíocht a chur ar fáil.
Tá an foilseachán áirithe seo ar an chuid is déanaí de shraith taighde seanbhunaithe ar dhearcthaí an phobail ar oileán na hÉireann i leith na Gaeilge. Forbraíodh agus bunaíodh an ceistneoir a bhí ann cheana atá in úsáid ó na 1970idí. Ó 2001 ar aghaidh, cuireadh Tuaisceart Éireann san áireamh sa taighde.
Foras na Gaeilge a choimisiúnaigh an staidéar le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le linn shamhradh 2025.
D’fhreastail Meon Eile ar an ócáid dhearfach, áit ar labhair muid leis an Dr. Pól Deeds, le Conall Ó Máirtín, leis an Dr Cóilín Ó Floinn agus le Katy Radford.


