Treoirleabhar logainmneacha Bhéal Feirste seolta ag an Ardmhéara

“Insíonn siad dúinn faoinár gcomh-chúlra.”

Sin an méid a dúirt Ardmhéara Bhéal Feirste, Gavin Robinson ón DUP, agus é ag caint faoi logainmneacha na cathrach le linn sheoladh an leabhrán ’The Gaelic Placenames of Belfast’ i Hall na Cathrach ar na mallaibh.

Is ar bhrí, bhunús agus stair logaimneacha Bhéal Feirste a dhíríonn an leabhrán agus déantar cur síos orthu ón am go raibh an ceantar ina shráidbhaile tríd an am gur chuir Arthur Chicester tús le forbairt na cathrach sa bhliain 1603.

Comhpháirtíocht a bhí sa togra idir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus an tIontaobhas Ultach.

Tháinig gach taobh den phobal le chéile le hoidhreacht logainmneacha a gceantair dhúcháis a cheiliúradh ag an seoladh.

Labhair Shane Ó Curraighín leo siúd a bhí i mbun an leabhráin le cúlra logainmneacha na cathrach agus sprioc fhadtéarmach na hoibre a fhiosrú…

Logainmneacha / Shane O Curraighin

Mar chuid de Fhéile an Droichead beidh turas siúlóide logainmneacha timpeall dheisceart Bhéal Feirste faoi stair agus logainmníocht Bhóthar Ormeau, Baile na Faiche agus ceantar an Lagáin.

Sonraí: Ag imeacht ó An Droichead – Aoine 24ú 13:00 – Domhnach 26ú 16:00

Close
Close