Togra nua Gaeilge The Irish News ar na meáin shóisialta

Seoladh comhthionscadal nua idir The Irish News, Ollscoil Uladh, Gael Linn agus Comhaltas Uladh an tseachtain seo caite ag oifigí an Irish News i lár Bhéal Feirste. 

An rud a bheas i gceist leis an tionscadal ná físeáin Ghaeilge a chur ar TikTok agus Instagram The Irish News. Beidh Gael Linn, Ollscoil Uladh agus Comhaltas Uladh ag cuidiú leo Gaeilgeoirí óga líofa a aimsiú agus an obair theanga a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh ardleibhéal cruinnis iontu. Beidh The Irish News ag déanamh cinnte de go mbeidh ardchaighdeán ann ó thaobh cur chuige agus iriseoireachta de chomh maith.

Tá roinnt físeán curtha amach cheana ar chuntas Instagram an Irish News agus suim mhór léirithe iontu. Cuireadh cúpla ceardlann ar siúl go dtí seo chun traenáil a chur ar na daoine óga. Ina measc thug tionchaire mór le rá, Gerry Lavz, saineolas agus comhairle dóibh siúd a bheas ag glacadh páirt ann. 

Is áis iontach a bheadh sa togra do chainteoirí Gaeilge, dóibh siúd a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus do dhaoine atá ag iarraidh a bheith suas chun dáta le cúrsaí reatha. Is féidir súil a choinneáil ar mheáin shóisialta an Irish News do na físeáin eile amach anseo.

Close
Close